Ainm: | Denis Anne Mac Giolla Bhríde | |
Áit Chónaithe: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Áit Dúchais: | Fánaid |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Obair |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí sé ag fíodóireacht in Mc Nutts ar na Dúnaibh ar feadh trí bliana. Bhí scaifte breá ag obair ansin agus bhí obair chrua ann. Ag obair ar seol a bhí sé agus ag obair de réir an phíosa a bhíodh siad. Bhí pá de £8 - £12.
Bhíodh sé ag caitheamh sealanna ag obair fá Óstán Ros na Binne ag giollacht dona galfairí gach samhradh fosta. | 00:03:20 | |
Pósadh in 1969 é agus bhog siad go Baile Shéamais Dhuibh (Ballyjamesduff) i gCo. An Chabháin in 1972 nuair a rugadh an chéad leanbh ach níor ghlac sé mórán leis an tír. Chaith sé 6 bliana ansin. Phill sé na bhaile a chónaí ar na Dúnaibh i 1978 agus d’obair tamall in Óstán Ros na Binne. | 00:06:04 | |